← Chuirfeadh John, an duine ba shine acu, gasúr crua cadránta i gceann a cheithre mbliana, chuirfeadh sé ina héadan go deireadh, cé go mbeadh fáinní dearga fá na súile aige ar mhéad is a chuimil sé leis an tuirse iad. 🔊✎
← D'aithin sé na haghaidheanna uilig agus thug sé fá dear go suíodh achan mhac máthar acu ar an stól chéanna gan teip. 🔊✎
← Chuaigh sé a smaointiú ar an tsaol a chaithfeadh bheith acu sa bhaile; ní raibh a fhios aige cad é mar a thiocfadh leo suí ansin uair i ndiaidh uaire is gan scrupall coinsiasa ar bith orthu. 🔊✎
← Anois, agus é ag fanacht lena sheal ag an bheár, b'fhada le Jimmy go dtaradh oíche Shathairn nuair a bheadh sé féin agus Sarah ábalta teannadh lena chéile ar an tolg ag amharc ar video agus buidéal beag fíona acu. 🔊✎
← Bhí a n-aird ar an bhiachlár ghealbhuí fána lán mílitriú agus bhí siad ag cur is ag cúiteamh eatarthu féin fá cad é a cheannódh siad ar na pinginí a bhí fágtha acu. 🔊✎
← Rinne sé gnúsachtach mar bhuíochas, phill ar a chairde agus d'fhógair daofa go raibh a sáith airgid anois acu le hiasc agus sceallóga a cheannach, agus tobán beag curaí lena chois. 🔊✎